Ar an Aoine 12ú Márta, ghlac an ceathrú bliain páirt i dTráth na gCeist ar líne mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
D'eagraigh Mr Hallissey an Tráth na gCeist agus bhí go leor babhtaí ann le ceisteanna as Gaeilge.
Sa deireadh, bhuaigh Naomh Pól an Tráth na gCeist. Bhí duaiseanna iontacha ann do na buaiteoirí agus duais do dhuine amháin as gach rang freisin. Maith sibh Elaine O'Connell, Miriam Butler, Eilís Ryan agus Lucy Doyle as duaiseanna a bhuachan!
Buíochas mór le Mr Hallissey as an Tráth na gCeist a eagrú agus bhain gach duine taitneamh as.
Le Julie Butler